top

Eolas Fúinn

I 1999 a chuir Lasta Mara Teo tús le seirbhísí farantóireachta lastais go hOileáin Árann nuair a bunaíodh é chun seirbhís iompair fóntais agus lastais throm a chur ar fáil do na hoileáin in Iarthar na Tíre.  Ag Lasta Mara Teo atá an conradh lastais chuig trí Oileán Árann, Inis Mór, Inis Meáin agus Inis Oírr ó 1ú Eanáir 2005. Is í an bád an  MV Bláth na Mara an príomhbhád lastais a théann go hOileáin Árann.
Iompraíonn Bláth na Mara gach cineál bia, fuaraithe agus reoite, gach cineál earra tí, troscán, gual, carranna, veaineanna iompair, tarracóirí, capaill agus gach cineál beostoic. Tá áiseanna fuaraíochta agus reo ar fáil sa trádstóras agus ar an mbád. Cuireann an bád, an MV Madelen seirbhís rolladh ann/rolladh as ar fáil as Ros an Mhíl d’innealra trom, i.e. Trucailí, Tochaltóirí agus gléasra agus innealra trom.
Má tá seirbhís iompair uait d’aon earra  speisialta, beidh fáilte romhat teagmháil a dhéanamh leis an oifig.

Déan teagmháil linn ag Lasta Mara má bhíonn aon cheist nó tuairim agat.