Cairt Seirbhíse don Chustaiméir
Bunaíodh Lasta Mara Teo. i 1999. Soláthraíonn an comhlacht gach cineál seirbhíse iompair lastais chuig Oileáin Árann agus chuig na hoileáin ar fad ar chósta thiar na hÉireann
Cairt Seirbhíse don Chustaiméir
Is é an aidhm atá againn ná seirbhísí d’ardchaighdeán a chur ar fáil dár gcustaiméirí ar fad. Leagann an chairt seirbhíse don chustaiméir síos na caighdeáin seirbhíse ar féidir leat bheith ag súil leo uainn. Ba mhaith linn a chinntiú go bhfaighidh tú an caighdeán seirbhíse is airde aon uair a dhéanann tú teagmháil linn.
Na Custaiméirí s’againne
Táimid tiomanta seirbhís thráthúil, ghairmiúil agus ar ardchaighdeán a chur ar fáil duit. Is iad ár gcustaiméirí duine ar bith a dteastaíonn uathu earraí a iompar ar bhád. Is ar thrí oileán Árann is mó a ndéanaimid freastal orthu ach chomh maith leis sin iompraímid lastas chuig oileáin eile ar chósta thiar na hÉireann
Tiomantas seirbhísí ar ardchaighdeán a chur ar fáil
Táimid tiomanta seirbhís thráthúil, ghairmiúil agus ar ardchaighdeán a chur ar fáil duit:
- Déileálfaimid leat go cúirtéiseach agus go tuisceanach
- Cuirfimid eolas cruinn ar fáil duit i gcónaí
- Déileálfaimid go tapa agus go hinniúil le do chuid fiosrúchán
- Cuirfimid muid féin in iúl nuair a fhreagróidh muid an teileafón
- Freagróimid do ghlaonna teileafóin go tapa agus cuirfidh muid glaoch ar ais laistigh de 24 uair an chloig nuair is féidir
- Freagróimid litreacha laistigh de 20 lá oibre
Aiseolas Custaiméirí
- Fáiltíonn an comhlacht roimh aiseolas agus moltaí maidir le feabhas a chur ar sheirbhísí.
- Aithnímid gur féidir le nithe dul in aimhréidh agus nach féidir iad a chur ina gceart ach amháin nuair a dhéanann custaiméir gearán. Mar sin, déileálfaidh muid le gach gearán amhail is gur deis é feabhas a chur ar ár gcuid seirbhísí.
- Déanfaidh muid iarracht déileáil le haon ghearán maidir leis an tseirbhís go neamhfhoirmeálta, go tapa agus leis an té is oiriúnaí.
- Tá sé de cheart agat gearán foirmeálta a dhéanamh mura bhfuil tú sásta leis an tseirbhís a fhaigheann tú.
- Fiosróimid do ghearán go hiomlán agus gheobhaidh tú freagra iomlán nó tuairisc ar dhul chun cinn i scríbhinn laistigh de 20 lá tar éis dúinn do ghearán a fháil.
- Is féidir leat cóipeanna dár nós imeachta chun gearáin a dhéanamh agus foirmeacha a fháil ónár n-oifig.